Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Thursday, April 18, 2024 · 704,826,966 Articles · 3+ Million Readers

Tús curtha ag an Aire Stáit Doyle le hImeacht de chuid Teagasc `Talking Timber¿ i nDurlas, Co. Thiobraid Árann

D'oscail an tUasal Andrew Doyle, T.D., an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht don fhoraoiseacht, imeacht Teagasc, Talking Timber i dTiobraid Árann inniu. Tá an t-imeacht seo ar cheann de dhá lá Timber Days arna eagrú ag Roinn Forbartha Foraoiseachta Teagasc, agus bhí an chéad cheann acu sin ar siúl i mBéal Átha hÉis, i gCo. an Chabháin an tseachtain seo caite.

Ag tagairt d'infheistíocht an Stáit sa bhforaoiseacht le fiche nó tríocha bliain anuas, dúirt an tAire Doyle "go bhfuil go leor den acmhainn foraoiseachta atá mar thoradh ar an infheistíocht sin réidh le húsáid sa bpróiseas táirgíochta anois agus, má dhéantar é a bhainistiú i gceart, d'fhéadfadh sé cúnamh mór a thabhairt do gheilleagair áitiúla na bpobal tuaithe ar fud na hÉireann.  Is cuí mar sin go ndéantar infheistíocht chun na scileanna agus an tacaíocht theicniúil atá ag teastáil a fhorbairt lena chinntiú go n-úsáidtear an acmhainn sin ina iomláine agus ar bhealach inmharthanach.

Luaigh an tAire Doyle roinnt tionscnamh sa réimse sin atá ag an Roinn, lena n-áirítear Grúpaí Aistrithe Faisnéise a bhunú d'úinéirí foraoise. D'fhógair sé freisin go bhfuil an dara grúpa i gCo. an Chláir ceadaithe ag an Roinn agus dúirt sé "gur ionann líon na n-úinéirí foraoise atá páirteach sa tionscnamh seo anois, an grúpa seo agus Cumann Úinéirí Coillearnach Dhún na nGall le chéile, agus 150. Mar gheall gur éirigh chomh maith sin le céim phíolótach na ngrúpaí aistrithe faisnéise, tá súil agam go gceadófar níos mó Grúpaí mar iad in 2018."

Agus é ag deireadh a chuid cainte ghlac an tAire Doyle buíochas le gach duine a bhí páirteach, go háirithe foireann Roinn Forbartha Foraoiseachta Teagasc, as na himeachtaí Talking Timber a eagrú, agus leis na comhlachtaí stáit, daoine aonair agus ionadaithe ar na hearnálacha éagsúla a rannchuidigh nó a bhí rannpháirteach sna himeachtaí.

 

CRÍOCH

Date Released: 05 September 2017

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release