Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Friday, March 29, 2024 · 699,735,970 Articles · 3+ Million Readers

Athbhreithniú ar an Acht um Achomhairc Talmhaíochta, 2001 fógartha ag an Aire Creed

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. go bhfuil an tAcht um Achomhairc Talmhaíochta, 2001 le hathbhreithniú.

Dúirt an tAire " gur chuir an Clár do Rialtas Comhpháirtíochta deis ar fáil chun an tAcht um Achomhairc Talmhaíochta, 2001 a athbhreithniú, chun a chinntiú go bhfuil an oifig a bhíonn ag déileáil le hachomhairc ó fheirmeoirí neamhspleách agus éifeachtach.  D'fhonn an t-athbhreithniú sin a thabhairt chun críche, tá Coiste Athbhreithnithe bunaithe agam le dul i mbun an athbhreithnithe agus chun Tuarascáil, ina gcuirfear moltaí maidir leis an reachtaíocht a rialaíonn an Oifig Achomharc Talmhaíochta chomh maith le hoibríocht na hoifige sin sa todhchaí, a chur ar fáil dom faoi dheireadh na bliana"

Dúirt an tAire freisin "Go rachfar i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara cuí chun a chinntiú go mbeidh an t-athbhreithniú chomh cuimsitheach agus is féidir".

Maidir leis sin, is féidir aighneachtaí scríofa a sheoladh ar ríomhphost chuig an gCoiste lena mbreithniú ar AgricultureAppealsActReview@agriculture.gov.ie  nó sa phost chuig Athbhreithniú ar an Acht um Achomhairc Talmhaíochta, An Rannán Gnóthaí Corparáideacha, Urlár 6 Thoir, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Teach na Talmhaíochta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 WK 12.

Is 5.30pm Dé hAoine an 6 Deireadh Fómhair 2017 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí

 

Nótaí d'Eagarthóirí

Is iad seo a leanas triúr comhaltaí an Choiste Athbhreithnithe:

  • Niamh O’Donoghue, iarArd-Rúnaí, An Roinn Coimirce Sóisialaí (Cathaoirleach)
  • Padraig Gibbons, iar-chathaoirleach Connacht Gold agus iarUachtarán Chumann Comhar-Eagraíochtaí na hÉireann Teoranta (ICOS).
  • Paud Evans, iarPhríomhoifigeach, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

 

CRÍOCH

Date Released: 12 September 2017

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release