Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Friday, April 19, 2024 · 704,843,577 Articles · 3+ Million Readers

Eisítear beagnach €100 milliún d'fheirmeoirí trí íocaíochtaí GLAS agus AEOS - Creed

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, inniu go mbeifear ag tosú an tseachtain seo le réamhíocaíochtaí 2017 don dá phríomhscéim comhshaol talmhaíochta. Is iad an dá scéim an Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta (GLAS) agus an Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta (AEOS) agus tá an dá scéim á chomhchistiú ag Aontas Eorpach faoi Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann.

Dúirt an tAire Creed, “Is deas liom go bhfuil ár ngealltanas á bhaint amach againn chun tús a chur le réamhíocaíochtaí do na scéimeanna seo. Bainfidh íocaíochtaí ar fiú nach mór €100 milliún iad cuntais bhainc feirmeoirí amach an tseachtain seo. Déantar na híocaíochtaí seo i dtréimhse ina bhfuil go leor íocaíochtaí, leithdháiltí ina measc, á ndéanamh faoin Scéim Buníocaíochta, Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha agus an Scéim Leasa Caorach. Faoin taca seo, eisíodh os cionn €1 billiún d’fheirmeoirí Éireannacha le roinnt seachtainí anuas.”

Is ionann réamhíocaíochtaí agus 85% d’íocaíochtaí na bliana iomláine don bhliain 2017 i ndiaidh gur bhain an tAire cead amach ón gCoimisiún Eorpach do ráta réamhíocaíochta níos airde d’fheirmeoirí i mbliana. Ina theannta sin, cuirfear tús le híocaíochtaí AEOS 2017 a dhéanamh leis na 2,200 rannpháirtí atá sa scéim sin go fóill. Eiseofar íocaíochtaí GLAS i mbliana ar bhonn rollach struchtúrach agus leanfar le híocaíochtaí a eisiúint ar bhonn leanúnach agus tá súil leis go ndéanfar roinnt íocaíochtaí breise a eisiúint roimh dheireadh na bliana.

Dúirt an tAire mar fhocal scoir, “Leanfaimid le réamhíocaíochtaí GLAS a dhéanamh sna seachtainí amach romhainn. Ar an drochuair, tá líon suntasach de rannpháirtithe ann go fóill nach bhfuil a n-iarratais iomlán ag an bpointe seo mar gheall nár sheol siad cáipéisíocht chomhlánaithe ar ais go fóill. Áirítear leis seo na líonta suntasacha de Phleananna Bainistíochta Cothaithigh, Pleananna Bainistíochta Coimíneachtaí, Foirmeacha bliantúla Dearbhaithe um Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh agus Foirmeacha Dearbhaithe um Pór Neamhchoitianta ina measc agus ba cheart d’fheirmeoirí labhairt lena gcomhairleoirí a luaithe agus is féidir más mian leo an íocaíocht seo a fháil. Leanfaimid le híocaíochtaí breise GLAS a dhéanamh i gcaitheamh na chéad chúpla seachtain amach romhainn, a fhad agus a réiteofar cáilitheacht na rannpháirtithe”

 Nóta d’Eagarthóirí:

Tá líne chabhrach thiomnaithe ag an RTBM do rannpháirtithe GLAS agus féadfaidh feirmeoirí a bhfuil ceisteanna acu teagmháil a dhéanamh linn ar 0761 064451. Is í an uimhir theagmhála le haghaidh AEOS 0761 064456. Féadtar teagmháil a dhéanamh le GLAS, chomh maith, trí ríomhphost a sheoladh chuig glas@agriculture.gov.ie 

CRÍOCH

Date Released: 29 November 2017

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release