Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Monday, May 6, 2024 · 709,312,505 Articles · 3+ Million Readers

Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh an ardú ar theorainneacha iasachta d'fheirmeoirí faoin Scéim Iasachta um Fhorás sa Todhchaí (FGLS) go €120 milliún

Fáilte curtha ag an Aire Humphreys roimh an spéis mhór atá léirithe ag gnólachtaí sa scéim

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD fáilte inniu roimh chomhaontú an Chiste Eorpach Infheistíochta (EIF) agus Chorparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann (SBCI) an maoiniú atá á chur ar fáil d'fheirmeoirí faoin Scéim Iasachta um Fhorás sa Todhchaí (FGLS) a mhéadú go €120 milliún.

Dúirt an tAire Creed, “Tá spéis mhór léirithe ag feirmeoirí ann agus, mar sin, shocraigh mé an méadú a iarraidh chun a chinntiú nach mbeadh fadhb ar bith ann don phríomhearnáil talmhaíochta maidir le infhaighteacht. Ardaíonn an comhaontú seo leis an EIF agus an SBCI an méid atá ar fáil d'fheirmeoirí faoi dhó go €120 milliún. Is foinse airgeadais í seo a bhfuiltear ag fanacht uirthi le fada i gcás feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua atá ag tosú amach, agus go háirithe don chohórt nach bhfuil leibhéil arda slándála acu. Freastalóidh sé chomh maith ar fheirmeoirí ar scála níos lú nach mbíonn a ndóthain giarála acu chun dul i mbun idirbheartaíochta chun téarmaí níos fabhraí a fháil lena mbanc.

Tá na hiasachtaí ar phraghas iomaíoch agus is é 4.5% an ráta uasta úis ar iasachtaí ar dtús ar iasachtaí níos lú ná €250,000. Is é 8-10 bliana téarma na hiasachta agus iad neamhurraithe suas go €500,000. Ní raibh airgeadas nuálaíochta mar seo ar fáil i margadh na hÉireann go dtí seo agus tacóidh sé le infheistíochtaí straitéiseacha fhadtéarmacha tar éis an Bhreatimeacha.  €100,000 an iasacht is lú atá ann agus suas le hiasacht uasta €3,000,000 an t-iarratasóir. Ach, ó tharla go bhfuil riachtanais ar leith ag feirmeoirí na hÉireann socraíodh gur €50,000 an iasacht is lú dóibh.

Comhthionscnamh a bhí ann idir an dá Roinn agus d'aithin an tAire Creed an bhaint a bhí ag a chomhghleacaí, an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta Heather Humphries T.D. leis, á éascú ag an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D. D'aithin sé freisin an bhaint a bhí ag Corparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann (SBCI), maidir leis an Scéim a fhorbairt agus a reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis na bainc atá rannpháirteach.

Dúirt an tAire Humphreys freisin, “Tá mé an-sásta leis an líon mór gnólachtaí a chuir isteach ar an scéim. Is mór an t-athrú atá ag teacht ar chúrsaí faoi láthair agus tá sé fíor thábhachtach anois, thar am ar bith eile, go ndéanfadh gnólachtaí infheistíocht a dhéanamh chun atá amach rompu a chinntiú. Tá an scéim seo mar fhreagra ar an ngá a bhí le hairgeadas inacmhainne fadtéarmach a bheith ar fáil chun tacú leis an infheistíocht sin.

Dúirt Nick Ashmore Príomhfheidhmeannach, SBCI, “Tá an Scéim Iasachta um Fhorás sa Todhchaí faoi lán seoil anois agus tá €75 milliún leithdháilte go dtí seo agus beidh méadú curtha anois leis an teacht atá ag SMEanna agus ag feirmeoirí ar airgeadais thar thréimhse níos faide. Is dea-shampla é seo d'fheirmeoirí na hÉireann agus  an earnáil SME ag baint tairbhe as tacaíocht an Rialtais atá curtha i gcrích ag an nGrúpa EIB agus an SBCI, ní amháin i gcomhthéacs an Bhreatimeachta, ach chun a chur ar a gcumas infheistíocht a dhéanamh dóibh féin amach anseo. “

 

Nóta:

Is féidir breis eolais a fháil ar an Scéim Iasachta um Fhorás sa Todhchaí (FGLS) anseo: https://sbci.gov.ie/schemes/future-growth-loan-scheme

 

CRÍOCH

Date Released: 08 November 2019

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release